Abairt ghonta is ea an seanfhocal a úsáidtear sa ghnáthchaint le fírinne a chur in iúl atá bunaithe ar shaoltaithí an chine dhaonna nó ar thuiscint thraidisiúnta an duine ar an saol.
Meafar a bhíonn i gceist le seanfhocal go minic. Tá a cuid seanfhocal féin ag gach teanga, ach bíonn seanfhocail mhaithe ag dul ó theanga go teanga, cosúil leis na seanscéalta. Cuid mhaith de na seanfhocail choitianta Éireannacha, is féidir iad a fháil beagnach focal ar fhocal i dteangacha nach bhfuil lúb ghaoil acu leis an nGaeilge ná leis an mBéarla.
An dall ag déanamh bóthair don bhacach; giollacht an daill don dall; na daill ag déanamh an eolais dá chéile[2]
An té a bhuailtear sa chloigeann, bíonn faitíos air.
An té nach niompróidh a chóta lá fliuch, ní bheidh sé aige drochlá.
Ar mhaithe leis féin a dhéanann an cat crónán.
Briseann an dúchas trí shúile an chait.
Caidrigh an coimhthíoch ach ná taobhaigh é.
Giollacht an daill don dall; le BruegelCéard a dhéanfadh mac an chait ach luch a mharú. (Gearmáinis: Die Katze lässt das Mausen nicht – ní éiríonn an cat as marú na luch. Is é sin, is dual do chách nósanna a mhuintire féin.)
crochta as an sreangán (Is éard a chiallódh sé sin go mbeadh sé i gcontúirt, i nguais nó i mbaol)[3]
I ndeireadh a gcoda troideann na coileáin.
Is deacair ceann críonna a chur ar ghuaille óga.
Is fearr an t-ádh ná éirí go moch.
Is fearr éan sa lámh ná dhá cheann ar an gcraobh.
Is gaire cabhair Dé ná an doras.
Is gaire do bhean leithscéal ná a naprún.
Is minic a bhí bromachán giobadach ina chapaillín cumasach. (Is é sin, tagann ciall le haois.)
Is minic a bhris béal duine a shrón.
Is treise dúchas ná oiliúint.
Más cam díreach an ród is é an bóthar mór an t-aicearra.
Ní breáthacht a chuirfidh an pota ag fiuchadh.
Ní fhulaingítear bás faoi dhó.
Ní i gcónaí a thagann an crúiscín slán ón tobar.
Ní hí an bhean is áille is troime ciall.
Ní thagann caonach ar chloch reatha. (Seanfhocal idirnáisiúnta eile é seo. Fionlainnis: Vierivä kivi ei sammaloidu – ní thagann caonach ar chloch atá ag dul timpeall. Íoslainnis: Sjaldan er gras vaxið um oft hrærðan stein – is annamh a bhíonn féar ag fás ar chloch a bhogtar go minic.)
Níor dhún Dia bearna riamh nár oscail Sé ceann eile. (Leagan eile: Níor dhruid Dia doras riamh nár oscail Sé ceann eile.)
Nuair a bhíonn an cat amuigh, bíonn na luchóga ag damhsa. (Seanfhocal thar a bheith idirnáisiúnta é seo. Mar shampla, deir na Fionlannaigh: Kun kissa on poissa, hiiret hyppivät pöydällä = Nuair a bhíonn an cat amuigh, bíonn na luchóga ag léimnigh ar an mbord.)
↑Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga. "'Nach deas é" site:.tuairisc.ie - Cuardach Google". Colún ar tuairisc.ie le www.google.com. Dáta rochtana: 2019-04-28.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.