Pairilis cheirbreach
![]() ![]() | |
Cineál | einceifealapaite, meathlú ceirbreach, pairilis agus galar ![]() |
---|---|
Speisialtacht leighis | néareolaíocht agus péidiatraic ![]() |
Cóireáil chliniciúil | |
Comharthaí | preab, toe walking (en) ![]() ![]() ![]() |
Scrúduithe | scrúdú fisiciúil, stair leighis, scanadh ultrafhuaime, íomháú athshondais mhaighnéadaigh agus genetic testing (en) ![]() ![]() |
Cóireáil | tenotomy (en) ![]() ![]() |
Cógais | |
Pataigineas | |
Cúis | asphyxia neonatorum (en) ![]() ![]() |
Aicmiú | |
ICD-10 | G80 agus G80.9 ![]() |
ICD-9 | 343.8 agus 343.9 ![]() |
Acmhainní seachtracha | |
OMIM | 603513 ![]() |
DiseasesDB | 2232 ![]() |
MedlinePlus | 000716 ![]() |
eMedicine | 1179555 agus 310740 ![]() |
Patient UK | cerebral-palsy ![]() |
MeSH | D002547 ![]() |
UMLS CUI | C0029806 agus C0007789 ![]() |
DOID | DOID:1969 ![]() |
Neamhord is ea pairilis cheirbreach a tharlaíonn mar thoradh ar dhamáiste don inchinn le linn forbartha sa bhroinn nó le linn naíonachta.
Tá grúpa riochtaí casta a ghoilleann ar ghluaiseacht agus staidiúir toisc go bhfuil damáiste nó teip ann i bhforbairt chuid den inchinn a rialaíonn gluaiseacht. Tarlaíonn sé seo sula mbeirtear an leanbh, le linn breithe nó le linn luath-óige sula sroicheann fás na hinchinne leibhéal aibíochta áirithe.[1]
Ceiliúrtar an Lá Domhanda Feasachta ar Phairilis Cheirbreach ar 6 Deireadh Fómhair.


Cúiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bíonn saghsanna éagsúla damáiste don inchinn taobh thiar den neamhord seo, galair na máthar le linn an toirchis, easpa ocsaigine le linn beirthe, ionfhabhtaithe víreasacha le linn naíonachta is eile ina measc. Ach ní bhíonn an chúis ar eolas de ghnáth.
Siomptóim
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá éagsúlacht mhór sa tionchar a bhíonn ag pairilis cheirbreach ó dhuine go duine. D’fhéadfadh an duine óg bheith míshuaimhneach, corrach.[2] Tugtar neamhluail air seo. D’fhéadfaí gur chúis deacrachtaí fisiceacha agus tearc-chaidrimh shóisialta í pairilis cheirbreach; is féidir difríochtaí ollmhóra a bheith idir beirt ógánach ar bith a bhfuil an riocht seo orthu.
Go ginearálta, is iad seo na saintréithe a bhaineann le pairilis cheirbreach: gluaiseachtaí preabacha agus easpa comhordú gluaiseachtaí ainneonacha, droch-chothromaíocht choirp, matáin spasmacha agus máchail chainte (agus uaireanta pairilis, righneas).
Aithnítear mórán cineálacha de phairilis cheirbreach anois agus déantar cur síos orthu mar seo:
Cineálacha:
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Heimipléige – I bhfeidhm ar an taobh deas nó taobh clé den cholainn.
- Déipléige – I bhfeidhm ar an dá chos – gan bheith i bhfeidhm a oiread céanna ar na sciatháin .
- Ceathairphléige – I bhfeidhm ar chosa agus ar sciatháin. D’fhéadfadh tearcsmacht a bheith ar chloigeann agus ar cholainn.
Cúram
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní thagann athrú ar an bpairilis cheirbreach go hiondúil,. Ach bíonn daoine aonair in ann déileáil níos fearr lena gcuid deacrachtaí de réir mar a théann siad in aois, mar shampla Christy Brown sa 20ú haois in Éirinn.[3]
In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Meastar go gcuireann pairilis cheirbreach isteach ar 1 as 400 dalta in Éirinn.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ sess.ie. "CUID 8: Míchumais Fhisiceacha". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-09-07. Dáta rochtana: 2020.
- ↑ gaelscoileanna.ie. "Michumas Fisiceach". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Pairilis cheirbreach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 504.