Jump to content

Cumann Peile na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCumann Peile na hÉireann
(ga) Cumann Peile na hÉireann
(en) Football Association of Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálassociation football federation (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh1921
Gníomhaíocht
Spórtsacar Cuir in eagar ar Wikidata
Tír spóirtÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Ball deFIFA (1923–)
UEFA (1958–) Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíre FIFAIRL Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
PríomhchóitseálaíMartin O'Neill Cuir in eagar ar Wikidata
MáthaireagraíochtUEFA Cuir in eagar ar Wikidata
Úinéir de

Suíomh gréasáinfai.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Youtube: UCVLu65vhESK74_u-6SAXqxg Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Cumann Peile na hÉireannCPÉ (Football Association of Ireland as Béarla nó FAI) an eagraíocht a rialaíonn sacar i bPoblacht na hÉireann. Tharla scoilt idir an CPÉ agus an CSÉ (Cumann Sacair na hÉireann), lena gceannáras i mBéal Feirste sa bhliain 1921.

Stair an Chumainn

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh an CPÉ ar an 2 Meán Fómhair 1921.[1] [2] [3] [4] [5]

Foireann Sacair Phoblacht na hÉireann

I measc chomhlachtaí comhairleacha Chumann Peile na hÉireann tá:

  • Comhairle Chumann Peile na hÉireann. - Tagann an páirtí le chéile chun uachtarán nua agus baill nua coiste a thoghadh. Déanann siad na cinntí laethúla, na cinntí stiúrthóra agus na cinntí tábhachtacha.
  • An Coiste Chumann Peile na hÉireann.
  • An Fhoireann Riaracháin Chumann Peile na hÉireann.
  • An Bord Bainistíochta.[6]

Ceapadh David Courell[7] mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin an chumainn in 2024. Ba é John Delaney príomhoifigeach feidhmiúcháin an Chumann Peile na hÉireann ó 2004 go 2019.[8] agus Jonathan Hill, 2019-2024[9]

Suaitheantas Chumann Peile na hÉireann

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Suaitheantas Chumann Peile na hÉireann
Staid Aviva

Tá an lógó 'Ireland' scríofa ar an suaitheantas.[10] Tá dathanna an chlub (glas, bán agus oráiste) agus liathróid le feiceáil ar an suaitheantas freisin.[10] Cuireadh an seamróg san áireamh i sean suaitheantais Chumann Peile na hÉireann.[11]

Ceanncheathrú Chumann Peile na hÉireann

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an seancheanncheathrú lonnaithe ag 80 Cearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath. D'aistrigh an eagraíocht seo a cheanncheathrú sa bhliain 2007. Tá an cheanncheathrú nua lonnaithe san ionad spóirt náisiúnta i mBaile an Aba.[12]

Ionad oiliúna náisiúnta Chumann Peile na hÉireann

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh Ionad oiliúna náisiúnta Chumann Peile na hÉireann sa bhliain 2015. Tá sé lonnaithe ar an gCampas Náisiúnta Spóirt. Tá cúig pháirc peile agus páirc uile-aimsire amháin ann.[13]

Páirc Cnocán Uí Dhálaigh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’imir an fhoireann Saorstát Éireann a gcéad chluiche baile i Páirc Cnocán Uí Dhálaigh [14] ar an séú lá déag de mhí an Mheitheamh sa bhliain 1924. Bhuaigh siad an cluiche. D’imir an fhoireann Phoblacht na hÉireann sa pháirc seo ochtó dhá uair. Thosaigh an fhoireann Phobhacht na hÉireann ag imirt sa staid Bóthar Lansdún toisc go raibh Páirc Cnocán Uí Dhálaigh róbheag. Imríodh an cluiche peile idirnáisiúnta deireanach sa Pháirc Cnocán Uí Dhálaigh an an dara lá déag de mhí Mheán Fómhair sa bhliain 1990.[15]

Staid Bóthar Lansdún

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh Henry Wallace Doveton Dunlop an staid Bóthar Lansdún i 1872.[16] Bhí an staid lonnaite i nDroichead na Dothra, i mBaile Átha Cliath.[16] Bhí áit sa staid do 49,000 duine.[17] Tharla an chéad pheil idirnáisiúnta ar an seachtú lá déag de mhí an Mhárta sa bhliain 1900.[16] D'imir an fhoireann Phoblacht na hÉireann i gcoinne Sasana.[16] Sa bhliain 1981, d’fhreastail 48,500 lucht leanúna ar chluiche idirnáisiúnta ag an staid.[17] Ba é an tinreamh peile ba mhó.[17] Leagadh an staid sa bhliain 2007 agus tógadh Staid Aviva ina áit.[17]

Páirc an Chrócaigh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'imir an fhoireann Phoblacht na hÉireann sa staid seo nuair a bhí an Staid Aviva á thógáil.[18] Tharla an chéad chluiche peile sa staid seo ar an gceathrú lá is fiche de mhí an Mhárta sa bhliain 2007.[18] D'imir Éire i gcoinne An Bhreatain Bheag i gCraobhchomórtais na hEorpa.[18]

Tógadh Staid Aviva sa bhliain 2010.[19] Is staid idirnáisiúnta spóirt é.[19] Tá áit sa staid do 51,700 duine.[19] Imríonn foireann Peile na hÉireann agus foireann rugbaí na hÉireann cluichí baile sa staid seo.[19] Bíonn ceolchoirmeacha ar siúl sa staid seo freisin.[19] Imríodh an chéad chluiche peile ar an Máirt, an ceathrú de Lúnasa sa bhliain 2010.[20] D'imir an fhoireann Manchain Aontaithe i gcoinne foireann sraithe.[20] Bhí an chéad chluiche peile idirnáisiúnta ar siúl Dé Céadaoin an t-aonú lá déag de Lúnasa sa bhliain 2010.[20] D'imir an fhoireann Phoblacht na hÉireann i gcoinne An Airgintín.[20]

Foireann Sacair Phoblacht na hÉireann

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Geansaí Peile FAI

Is é Seamus Coleman captaen na foirne.[21] Tá seacht n-imreoir is fiche ag foireann Sacair Phoblacht na hÉireann.[22]

Comórtais idirnáisiúnta

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Craobhchomórtais na hEorpa - Is comórtas idirnáisiúnta peile é.[23] Imríonn baill d’Aontas na gCumann Peile Eorpach nó UEFA sa chomórtas seo.[23] Bhí Craobhchomórtais na hEorpa ar siúl den chéad uair sa bhliain 1960.[23] Tosaíonn cáiliú don chomórtas seo dhá bhliain roimh an gcluiche ceannais ar siúl.[23]
  • Corn Sacair an Domhain - Is é an comórtais is mó a bhfuil tóir air sa domhan iomlán.[24] Bhí Corn Sacair an Domhain ar siúl den chéad air sa bhliain 1930.[24] Bhunaigh an Comórtas Idirnáisiúnta Sacair an comortais seo.[24] Tarlaíonn sé gach ceithre bliana. Imríonn tríocha a dó foireann sa chomórtas seo.[24] Díbríodh Éire sna babhtaí ceathrú ceannais.[25]

Comórtais peile sinsir

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Comórtas idirmheánach

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Corn idirmheánach FAI.[31]
  • Corn idirmheánach FAI na mban.[32]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Football Association of Ireland founded in Dublin | Century Ireland". www.rte.ie. Dáta rochtana: 2025-03-30.
  2. "FAI History: The Early Years | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-01-19. Dáta rochtana: 2021-03-16.
  3. "Football Association of Ireland" (as en) (2025-03-22). Wikipedia. 
  4. "1921–22 League of Ireland" (as en) (2021-09-22). Wikipedia. 
  5. "FAI History: The Early Years | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-16.
  6. "FAI Board and Council | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  7. "David Courell: Football Association of Ireland name new chief executive" (en-GB). BBC Sport (2024-10-04). Dáta rochtana: 2025-03-30.
  8. "Delaney signs on". Extratime.ie. Dáta rochtana: 2010-07-13.[nasc briste go buan] (en)
  9. Gavin Cooney (2024-04-15). "Jonathan Hill: The remote CEO who underwhelmed in an impossible job" (en). The 42. Dáta rochtana: 2025-03-30.
  10. 10.0 10.1 "The top 10 classic football crests that need to make a comeback" (en). SportsJOE.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  11. "Football Association of Ireland" (en). Logopedia. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  12. "FAI Headquarters | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  13. "FAI National Training Centre | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  14. "Cnocán Uí Dhálaigh/Dalymount" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  15. "Dalymount Park : Dalyer : Republic of Ireland's First Football Ground : Home of Irish Soccer : Ireland's Record at Dalymount". www.soccer-ireland.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-09-18. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  16. 16.0 16.1 16.2 16.3 "Lansdowne Road: From old to new". Dublin.ie. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  17. 17.0 17.1 17.2 17.3 "Rugby Football History". www.rugbyfootballhistory.com. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  18. 18.0 18.1 18.2 "First Floodlit & Rugby Game, 125th Year anniversary - Croke Park". crokepark.ie. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  19. 19.0 19.1 19.2 19.3 19.4 "The Aviva Stadium Dublin" (en). O'Callaghan Collection. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  20. 20.0 20.1 20.2 20.3 "Aviva Stadium : Lansdowne Road : Dublin 4 : Republic of Ireland Soccer Team New Football Ground for Home Matches". www.soccer-ireland.com. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  21. "Seamus Coleman | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  22. "Players | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  23. 23.0 23.1 23.2 23.3 "European Championship | History, Winners, & Facts" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  24. 24.0 24.1 24.2 24.3 "World Cup | History & Winners" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  25. "Ireland At The World Cup - DoDublin Bus Tours" (en). dodublin.ie. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  26. "SSE AIRTRICITY LEAGUE INFORMATION". Dáta rochtana: 2021-03-19.
  27. 27.0 27.1 "Extra.ie FAI Senior Cup | Football Association of Ireland" (en). www.fai.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-09-18. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  28. "Womens National League - Women's National League". wnl.fai.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-03-23. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  29. "EA SPORTS Cup | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-12. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  30. "FAI Women's Senior Cup | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-19.[nasc briste go buan]
  31. "FAI Intermediate Cup | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-23.
  32. "FAI Intermediate Cup (Wmns) | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-23.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]