Jump to content

An Chéad Chath Ypres (1914)

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAn Chéad Chath Ypres
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 50° 51′ 07″ N, 2° 53′ 28″ E / 50.8519°N,2.8911°E / 50.8519; 2.8911
Cineálcath Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deRace to the Sea (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse19 Deireadh Fómhair - 22 Samhain 1914
SuíomhYpres, An Bheilg Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Bheilg Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí

Troideadh an Chéad Chath Ypres idir 19 Deireadh Fómhair - 22 Samhain 1914 le linn an Chogaidh Mhóir.

Tháinig fórsaí Francacha, Beilgeacha agus Briotanacha i gcoimhlint le hArm na Gearmáine timpeall ar bhaile Ypres sa Bheilg.

D’éirigh Ypres ina cheantar tábhachtach beartach le linn an Chogaidh agus is ansin a troideadh roinnt cathanna móra thar na blianta.[1]

airtléire throm de chuid na Breataine in Ypres

I mí Dheireadh Fómhair 1914, socraíodh na líní chatha a bheag nó a mhór, chuaigh na hairm in abar agus thosaigh an chogaíocht trinsí. Sáinníodh 'an Fronta Thiar' sa láib go dtí 1918.

Ypres sa bhliain 1914

Ba é an cath ba mhó a troideadh riamh ar thalamh é go dtí an pointe sin. Bhí níos mó ná 200,000 taismeach in iomlán (básanna agus daoine a bhí gortaithe)ː[2]

  • An Fhraincː 50,000–85,000
  • R. Aontaitheː 58,155
  • An Bheilg 21,562 ?
  • An Ghearmáinː 80,000-130,000

Scriosadh an t-arm Beilgeach.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. centenaries.ucd.ie (2014). "Decade of centenaries". Dáta rochtana: 2021.
  2. "First Battle of Ypres | Facts, History, & Outcome | Britannica" (en). www.britannica.com. Dáta rochtana: 2022-10-19.