,

Luxemburg, Leinín agus an cheist Náisiúnta

Caithfidh muid labhairt faoi Rosa. Breis is céad agus bliain ó shin céasadh Rosa Luxemburg chun báis, briseadh a blaosc le punt raidhfil agus caitheadh a corpán i gcanáil Bheirlín.  Tá sí go fóill i mbéal an phobail, nó i gcuimhne na sóisialaithe cibé ar bith cionn is gur fhág sí criticeas ar an Bhoilséiveachas ón eite chlé agus gur sheas sí an fód ar son an réabhlóideachais agus ar son na saoirse ag am céanna. Tá sí suimiúil do shóisialaithe anseo in Éirinn fosta dá bhrí gur rugadh sa Pholainn í ach gur shéan sí an náisiúnachas ag an am céanna is a bhí an Conghaileach ag déanamh dlúthcheangal idir an streachailt ar son saoirse agus streachailt na n-aicmí. Leoga, shéan Rosa an méid a bhí le rá ag Marx agus Engels chan fiú amháin faoi shaoirse na Polainne, ach faoin fhéinchinntiúchán go ginearálta agus níor chreid sí go dtig leis an tír seo saoirse nó neamhspleáchas a bhaint amach agus Éire faoi impireacht na Breataine. Ina theannta sin, mhaígh sí go ndearna sí seo tríd an Mharxachas cé gur thug sí dúshlán Marx agus Engels sa phróiseas. Beidh mé ag amharc ar dhá ghné dá smaointeoireacht san alt beag seo, mar sin de, tuairimí Luxemburg ar an cheist náisiúnta agus ar deireadh amharcfar ar a dearcadh maidir leis an impiriúlachas agus an caipitleachas mar gheall go raibh léargas suimiúil aici maidir le cúrsaí an lae inniu.  

Connolly agus Walker

Bhí macalla den easaontas idir Luxemburg agus Leinín ó thaobh na ceiste naisiúnta de le cloisteáil in Éirinn ag an am céanna cé go raibh difríochtaí suntasacha idir dearcadh Luxemburg agus William Walker. I measc na n-athbhreithniúchóirí a chaith neart ama ag iarraidh Ó Conghaile a phéinteáil mar náisiúnach Caitliceach a thréig an sóisialachas i 1916 agus nár thuig Protastúnaigh an Tuaiscirt, úsáideadh an chonspóid idir an Conghaileach agus William Walker mar fhianaise gur náisiúnach nó cumannach ceilteach é mar gheall gur mhol Ó Conghaile go mbeadh páirtí sóisialach amháin ann in Éirinn a ghlacfadh le féinrialtas na tíre mar a leag Marx agus Engels amach.[1] Ar an taobh eile den chonspóid, rinne Walker cuid ráitis nach luíonn ciall ar bith leo. Ar an chéad dul síos, thuar sé i Meitheamh 1911 go mbeadh a leithéid de rud agus círéib sheicteach dodhéanta anois i mBéal Feirste mar gheall ar Pháirtí Lucht Oibre na cathrach – bliain sular dhíbir dílseoirí na Caitlicigh agus Protastúnaigh lofa amach as na clois longa. Ina theannta sin, chuir Walker síos ar Ó Conghaile mar fhrith-ghníomhaí agus coimeádach a thréig an t-idirnáisiúnachas. Ansin, chuir sé síos ar an idirnáisiúnachas praiticiúil mar fheisirí de Lucht Oibre na Breataine ag tabhairt cuairt ar an Reichstag sa Ghearmáin.[2] Dóibh siúd a shíleann gur féidir leo Luxemburg a úsáid le hionsaí a dhéanamh ar thacaíocht shóisialach den cheist náisiúnta, is gá idirdhealú suntasach a dhéanamh idir an dearcadh s’aici agus leasaitheoirí ar nós Walker a thréig teoiric agus a thacaigh go mór le himpiriúlachas sóisialta nó go dtig le gluaiseacht an lucht oibre teacht i dtír ar dhul chun cinn na himpireachta mar fhórsa ar son na sibhialtachta. Níor chreid Walker gur cheart do neamhspleáchas a bheith ag na coilíneachtaí nó ag a thír féin, chreid Luxemburg gur cheart ach ní thig leis an náisiúnachas sin a bhaint amach agus gur cheart idirnáisiúnachas ceart a úsáid le réabhlóid shóisialta a chruthú sna tíortha forbartha mar chéim i dtreo saoirse na gcoilíneachtaí. Bhí Walter níos cosúla leis na seobhainigh náisiúnta sa Bhreatain, sa Fhrainc agus sa Ghearmáin a rith i dtreo na dtrinsí agus a thacaigh leis an impiriúlachas – tá an difríocht seo ríthábhachtach.

D’fhreagair Ó Conghaile  ar Walker trí thuairim Mharx ar cheist na hÉireann a úsáid le léiriú go raibh gá ann do neamhspleáchas nó ar a laghad féinriail na tíre. Dúirt sé gur chuma leis cár rugadh duine ach go raibh sé buartha faoin áit a ndearna tú do bheatha agus gur cheart do gach oibrí a raibh comhfhios aicmeach acu a bheith ag obair ar son saoirse na tíre sin dá gcuirfeadh siad le luas gabháil cumhachta an lucht oibre sa tír chéanna. Mar sin de, bhí Walker ag dul i gcomhair leis na biogóidí oráisteacha agus glasa in Éirinn nuair a sheas sé in éadan páirtí sóisialach dúchasach in Éirinn.[3] Mar fhreagra, mhaígh Walker nár aontaigh sé le Marx agus gurbh fhearr a bheith mar chuid den Bhreatain ná dul leat féin agus ansin rinne sé ionsaí ar Ó Conghaile cionn is gur chaith sé barraíocht ama i leabharlanna![4] D’fhreagair Ó Conghaile go raibh Walker ag úsáid idirnáisiúnachas mar chlúdach don impiriúlachas bastardach![5] Chríochnaigh Walker an t-idirphlé ag rá nach raibh difear idir éileamh na hÉireann ar son saoirse agus na réigiúin eile sa Bhreatain agus gur cheart gluaiseacht Lucht Oibre na Breataine a úsáid le bunchearta a shaothrú do mhuintir na hÉireann.[6] Rinne sé seo neamhaird iomlán de stair coilíneach na tíre, den dóigh ar rialaíodh an tír faoin aontas agus d’éifeacht an impiriúlachais mar phróiseas sa chaipitleachas. I mbeagán focal, bhí Walker chomh tiubh le bonn mo bhróige.

Rosa agus an cheist náisiúnta

Mar ghiúdach Polannach, ní nach ionadh go raibh Luxemburg buartha faoin tseobhaineachas taobh istigh de náisiúnachas na Polainne agus is gá a rá go bhfuil gnéithe den chineál claontachta seo le braistint in achan cineál náisiúnachais. D’argóin Luxemburg, áfach, gur tháinig dearcadh Mharx agus Engels ar an Pholainn salach ar an Mharxachas! Dúirt sí nach raibh an seasamh s’acu bunaithe ar anailís Mharxach ach léamh staire a bhí imithe as dáta. Bhí cuid den fhírinne aici. Bhí tacaíocht fhormhór de lucht oibre na Polainne ag an pháirtí sóisialach a sheas in éadan grúpa Luxemburg. Tháinig Pilsudki chun tosaigh mar an cheannaire ar an ghrúpa seo, tírghráthóir ciníoch a rinne ionsaí ar an APSS sna luath 1920í agus a d’fheidhmigh mar dheachtóir na Polainne níos faide anonn. Chreid Luxemburg gur fhorbair an caipitleachas sa Pholainn críochdheighilte cheana féin agus cad is fiú deireadh a chur le cogadh agus gabháil críocha nuair bhraith an bheirt acu ar an chaipitleachas agus nuair a d’fhéadfaí deireadh a chur leis an chaipitleachas féin. Bhí Luxemburg buartha go raibh meánaicme naisiúnta ag baint tairbhe as ceist an tsóisialachais le cuspóirí aicmeacha a chur chun cinn a bhainfeadh an neart den ghluaiseacht idirnáisiúnta.[7] Tá an difear anseo suntasach, shéan Luxemburg náisiúnachas na dtiortha móra agus na tíortha faoi chois mar aon, ach bhí Walker agus na leasaitheoirí eile fud fad na hEorpa dall ar an náisiúnachas agus ar an impiriúlachas ach iad sásta teanga an idirnáisiúnachais a úsáid leis an bhonn a bhaint de shóisialaithe I dtiortha beaga a bhíodh ag éileamh féinchinntiúcháin.

Rinne Luxemburg argóint láidir gur shéan lucht oibre na Polainne an náisiúnachas cionn is gur leis an uasaicme agus idéalaithe na meánaicme é agus níor mhair an bonn ábharach faoin idé-eolaíocht seo a thuilleadh cionn is gur comhtháthaíodh an haicmí seo isteach sna himpireachtai difriúla. D’úsáid sí dílseacht na náisiúnaithe le linn chogadh Seapánach-Rúiseach mar fhianaise air seo. Arís dhearbhaigh sé nár thuig Marx agus Engels na cúinsí sa Pholainn nó go raibh an dearcadh s’acu maidir le saoirse nó athbhunú na Polainne as feidhm cé go raibh an mhodheolaíocht s’acu ríthábhachtach leis an straitéis cheart a aimsiú, sin le rá, ábharachas dialachtaiciúil a úsáid in anailís staire agus cinnte a dhéanamh de go gcuimsítear streachailt aicmeach agus bun-anailís Mharxach ar fhorbairt an chaipitleachais mar threoir. Dhearbhaigh sí go neamhbhalbh nach raibh amhras ar bith ann go raibh gach sóisialach gurbh fhiú an t-ainm báúil do náisiúin faoi chois  agus go raibh siad i dteideal féinchinntiúcháin, ach gur chreid sí go smior gurbh í an réabhlóid dhomhanda nó an bealach leis na cuspóirí seo a bhaint amach seachas fuinneamh a chur amú ar streachailt náisiúnta ar leith.

D’aimsigh Luxemburg réabhlóid 1905 sa Rúis mar fhianaise dá dearcadh. Chan nár aontaigh sí le féinchinntiúchán ach gur cheart cuspóirí aicmeacha a chur thar aon ní eile agus dar léi ní raibh san éileamh ar son athbhunú na Polainne agus fantaisíocht bhuirgéiseach utóipeach. Ar an láimh eile, d’aithin sí forbairt an tsoch-dhaonlathais sa Rúis féin mar chéim mhór chun tosaigh agus fíorú ar a hargóint go raibh an sean-sheasamh de Mharx as dáta cionn is go raibh fórsaí forásacha le braistint sa Rúis féin anois agus ní bheadh an Pholainn shaor ag feidhmiú mar chonstaic roimh an fhrith-ghníomhú a thuilleadh.  Sa chomhthéacs seo, mhaígh gurbh ionann polasaí s’aici agus an náisiúnachas ceart de bhrí go gcuimseofaí saoirse cheart agus forbairt shaor oidhreacht chultúrtha na polainne. Má chuidigh na Polannaigh leis an daonlathas a chur ar bun i dtiortha na críochdheighilte, tharlódh an féinrialtas mar ghné nádúrtha den phróiseas seo.

I bhfírinne, bhunaigh Luxemburg a hanailís ar na cuisní ábharacha agus ar an dóigh ar ghlac an uasaicme agus an bhuirgéiseacht go háirithe le riail na Rúise, na hOstaire agus na Gearmáine taobh amuigh de dhream beag d’idéalaithe meánaicmeacha. Bhí an cas in Éirinn difriúil ar ndóigh, ní raibh ceangal orgánach idir an uaisleacht agus an mheánaicme dhúchasach agus ar ndóigh bhí an coilíneachas ann in Éirinn agus glanadh an uasaicme dhúchasach amach mar chuid de. Cé go raibh cosúlachtaí ann sa dóigh ar ghabh na Junkers talamh sa Phrúis Thoir, ní thig leat comparáid dhíreach a dhéanamh idir stair na hÉireann agus na Polainne. Mhol sé grinnstaidéir ar mheath na reibiliúntachta i measc na huaisleachta agus stair náireach na caipitlithe buirgéiseacha sa Pholainn. Mhol sí, mar sin de, gur cheart do na hoibrithe luas a chuir le próiseas na staire agus comhfhios aicmeach a fhorbairt i gcomhair lena gcomrádaithe i dtiortha na críochdheighilte sin le rá mar chuid den SPD sa Ghearmáin san Ostair agus sa Rúis. Mar sin de, mhaígh sí nach rud coimhthíoch é cúis an náisiúnachais i measc lucht oibre na Polainne, ach nach dtig leat neamhaird a dhéanamh de na cúinsí ábharacha a bhí ann. Mhol sí gur cheart den phrólatáireacht streachailt ar son féiniúlacht naisiúnta agus oidhreacht chultúrtha na Polainne, ach nach féidir sin a dhéanamh tríd an scarúnachas ach tríd an streachailt chun forlámhas a threascairt agus ar an dóigh seo, ní bheadh tírghrá náisiúnta na Polainne beo ach i ngluaiseacht an lucht oibre. Chríochnaigh sí nach féidir seo a dhéanamh ach cloí leis an tsoch-dhaonlathas, faoi bhrat an tsóisialachais idirnáisiúnta, in aon dul lena hanailís ar dialachtaic na staire.[8]

Leinín agus an cheist náisiúnta

Bhí fadhb mhór ann lena hanailís, áfach, agus tháinig an criticeas is suntasaí agus is inchreidte ó Leinín a thuig go maith go raibh dearcadh Rosa faoi ról an náisiúnachais soineanta ar go leor bealaí. Mar fhreagra ar Rosa, rinne Leinín idirdhealú cinniúnach idir náisiúin thíoránacha agus náisiúin faoi chois. “Fad is atá buirgéiseacht an náisiúin faoi chois ag troid in éadan na tíorántachta, tá muidne leo, i gcónaí agus in achan cás, agus leo níos láidre ná dream ar bith eile, mar is muidne na naimhde is láidre agus is leanúnaí den tíoránacht. Ach a luaithe is a sheasann buirgéiseacht  na náisiún faoi chois ar son a náisiúnachais bhuirgéisigh féin, seasann muidne ina héadan. Troideann muid in éadan pribhléid agus foréigean an náisiúin thíoránaigh, ach ní thugann muid tacaíocht ar bith do phribhléidí nua don náisiún faoi chois.” Dar le Leinín, d’imigh Rosa chomh thar fóir le náisiúnachas na Polainne a dhiúltiú go ndearna sí dearmad ar náisiúnachas na Rúise – rud i bhfad níos contúirtí. Arís, is féidir comparáid inchreidte a dhéanamh idir anailís Leinín ar an Rúis agus ar chiníochas agus seobhaineachas na Breataine. Sa Rúis, chothaigh na céadta dubha an chlaontacht seo d’aon turas, thug an bhuirgéiseacht Rúiseach tacaíocht di nó d’fhan sí ciúin ar an ábhar agus ní thig leis an phrólatáireacht Rúiseach bóthar na saoirse a aimsiú gan dul i ngleic leis na claontachtaí seo.

 I 1907 agus í ag rá go raibh neamhspleáchas na Polainne utóipeach, chuir Rosa ceist reitriciúil; cad chuige nach n-ardófaí neamhspleáchas na hÉireann? Is aisteach an rud mar ba mhinic a cháin Luxemburg anailís nach raibh an dialachtaic fite fuaite trithí ach i gcomhthéacs an náisiúnachais bhíodh sé dall air seo. Rinne Leinín tagairt ar litir de chuid Mharx faoin dearcadh seo i measc leanúnaithe Proudhon a shíl go mbeadh ar an Eoraip ar fad suí ar a lámha go dtí go gcuireann fir uasail na Fraince deireadh leis an bhochtaineacht agus leis an aineolas – tá siad míofar (7 Meitheamh 1866.) I 1869, d’admhaigh Marx gur chreid sé ar feadh tamaill fada nach dtiocfadh deireadh le réimeas na tíorántachta in Éirinn gan réabhlóid shóisialta nó forlámhas an lucht oibre i Sasana, ag d’eascair an mhalairt de thuairim as staideár níos doimhne. Ní bhainfidh lucht oibre Shasana rud ar bith amach go bhfaigheann siad réitithe d’Éirinn.[9]

Tá raon den chlaontacht seo le feiceáil i Walker ar ndóigh agus sna staraithe a úsáideann an Marxachas agus téarmaí sóisialacha le cosaint a dhéanamh ar an chríochdheighilt nó ionsaí a dhéanamh ar Ó Conghaile. Bhíodh an Fhrainc nó an Bhreatain i gcónaí forásach agus na náisiúin faoi chois frithghníomhach. Seo argóint Bew, Patterson agus BICO. Leoga, rinne Marx agus Engels an argóint seo, faoin choilíniú san India mar shampla, sa scríbhneoireacht luath s’acu, ach d’athraigh siad a bport faoin impiriúlachas agus ba í Éire an cás staidéar a d’úsáid siad. Níor thacaigh Marx leis an náisiúnachas, ach thuig sé an dialachtaic idir forlámhas sna coilíneachtaí agus idé-eolaíocht an lucht-oibre nó an seobhaineachas sa lár dúthach. Nil sa Mharxachas Oráisteach a cleachtadh i roinnt ollscoileanna in Éirinn ach léiriú soiléir den tseobhaineachas céanna.

Seachas ag cur le forbairt nó dul chun cinn in Éirinn, thit an tír siar mar gheall ar thionchar na Breataine. Rinne Leinín an pointe céanna faoin tSeapáin an t-aon tír san Aise nach ndearnadh coilíniú uirthi. Mhaígh Bew et al agus na greamaithe sa Deisceart ar nós Eoin Harris nár thacaigh oibrithe Protastúnacha Bhéal Feirste leis an aontas mar gheall ar idé-eolaíocht an fhorchiníochais, ach mar gheall go raibh siad dílis don chaipitleachas nua-aimsearthachta.[10] Bhuel, tá an féar ag fás ar na longcheártaí agus an tuaisceart ag titim as a chéile, ach tá forchiníochas na bhfear buí go fóill le braistint fiú nuair a bhí an tíogar ceilteach ag búireadh ó theas.

Conclúid

Níor cheart neamhaird a dhéanamh de Rosa mar gheall ar a dearcadh maidir leis an cheist naisiúnta, áfach, mar tá an chontúirt ann go gcaillfear na suáilcí chomh maith leis na duáilcí. Scríobh mé cheana faoin chriticeas a rinne sí ar Leinín agus ar na leasaitheoirí ag aon am amháin agus bhí an ceart aici dar liom. Níor cheart do shóisialach ar bith a chreidiúint go bhfuil ceart síoraí ag náisiún na hÉireann a bheith saor – is náisiúnaí cúng craiceáilte atá ar shúil leis an síoga iad duine a bheas ag teacht amach lena leithéid de thuairim. Tá sé de cheart ag muintir an oileán seo féinchinntiúchán a bheith acu mar gheall ar staideár ar phróiseas na staire. Mar sin féin, mar gheall gur thír chaipitleach í Éire anois agus mar gheall gur forbraíodh tionchar an chaipitleachais go mór mar gheall ar an nua-liobrálachas agus an domhandú, níl muid ag labhairt faoin tsaincheist chéanna nó fiú faoin tír chéanna is a raibh Leinín agus Rosa ag déanamh tracht uirthi.  

Nuair a bhreathnaítear go hiontaofa ar na cúinsí reatha, idir Leinín agus Luxemburg, táthar ag teacht ar aon intinn faoin réiteach. Chreid Leinín gurbh ionann coilíniú agus sclábhaíocht inar thug an tIarthar ‘sibhialtacht’ do mhuintir na háite trí fhuisce agus sifilis. Ag an am céanna, shéan Rosa misean sibhialtachta an Iarthair. Mhaígh sí gurbh ionann coilíniú agus comhla sceite agus gur chruthaigh caipitleachas an domhan nua ar a dheilbh féin áir ar bith a ndeachaigh sé. Thuar sí fosta go dtiocfadh deireadh leis an chaipitleachas nuair a rinneadh coilíniú ar an domhan go léir agus caipitleachas i réim in achan carn de.[11] Tá achan chuma ar an scéal gur shroich muid an pointe seo agus mar gheall ar an ghéarchéim timpeallachta go bhfuil géarghá le córas nua. Níl sé le fáil i gcaipitleachas an stáit mar a bhíodh ann san APSS (in ainneoin nach raibh sé seo ar intinn ag Leinín) agus níl sé ar fáil sa chaipitleachas leasaithe a bhí i réim san Iarthar i ndiaidh an dara cogadh domhanda roimh fhrith-réabhlóid Regan-Thatcher. Má tá todhchaí le bheith againn ar chor ar bith, is gá amharc ar an tsóisialachas daonlathach mar rogha deiridh an chine daonna agus beidh streachailt na mbocht fud fad an domhain ar son na saoirse mar bhunchloch ar an phróiseas seo. D’fhéadfadh Leinín agus Rosa aontú leis seo dá mbeadh siad beo le tacú linn.

[1] Féach léirmheas dearfach a scríobh Graham Walker den bheathaisnéis a thairg Austen Morgan, Londion review of Books 12 Oct. 1989; James Connolly, Forward, 27 May 1911.

[2] William Walker, Forward, 3 June 1911.

[3] Séamas Ó Conghaile, Forward, 10 Meitheamh 1911.

[4] William Walker, Forward, 17 Meitheamh 1911

[5] Ó Conghaile, Forward, 1 Iúil 1911.

[6] Walker, Forward, 8 Iúil 1911.

[7] Ceist an Polainne ag comhdháil an idirnáisiúnta I Londain (1896)

[8] An Cheist Náisiúnta (1909)

[9] Leinín, ‘Marx an Utóipeach agus Luxemburg an Pragmatach’ Feabhra-Bealtaine 1914

[10] Tá argóint shuimiúil ag Brendan O’Leary faoin deighilt i Marxachas na hÉireann A Treatise on Northern Ireland, Volume I (pp. 136-137

[11] Tá argóint shuimiúil le feiceáil i Mason, PostCapitalism (lch. 61).

Leave a comment

Comments (

0

)

  • Privacy
  • Design a site like this with WordPress.com
    Get started